Scéal na Gaeilge
Na Cloigne (The Heads) Overview Episode Guide Characters & Actors Profile Credits Clips Images
Cré na Cille (Graveyard Clay) On Fíor Scéal this week An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: One Man Show An Leabhar (The Book) Cosa Nite (Washed Feet) How it all Began Mairtín ó Cadhain: Readers Under Fire Liam O'Flaherty: Islandman Abroad Des Bishop TV Advertisement

Character > Bleachtaire Ó Giollagáin

Is fear comhghnásach, coimeádach é Éamonn Ó Giollagáin.   Ina thuairim siúd, baintear torthaí amach trí úsáid a bhaint as réasúnaíocht loighciúil, trí nósanna imeachta a leanúint agus trí fhianaise a bhailiú.  Tá an Bleachtaire Ó Giollagáin lonnaithe sa cheantar ginearálta le os cionn deich mbliana agus, le linn na tréimhse sin, tá neart ráflaí cloiste aige faoi eachtraí aisteacha a bheith ag tarlú i gCoillte an Chloiginn, chomh maith le caint ar shíóga agus ar neacha eile dá leithéid ón saol eile.  Tá beag is fiú déanta ag Ó Giollagáin den chaint seo, agus creideann sé nach bhfuil ann ach piseoga na ndaoine agus nach bhfuil aon tábhacht leo.

Tá cur chuige an-difriúil ag an mBleachtaire Ó Giollagáin agus ag an gCeannfort Ó Sé agus iad ag obair ar an bhfiosrúchán.  Is ábhar mór frustrachais do Ó Giollagáin an cur chuige míloighciúil a fheiceann sé ag Ó Sé.   

 
Home | Sitemap | Disclaimer | Print this Page
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Telephone: +353-91-553951
Fax: +353-91-558491
Email: eolas@rosg.ie