Craolfar an clár spleodrach deireanach de
An Bronntanas
TG4, Déardaoin 20 Samhain ag 9.30 i.n.
De réir figiúirí oifigiúla TAM Ireland tá thriller nua An Bronntanas i ndiaidh a bheith feicthe ag 340,000 duine thar chlár a haon go dtí a ceathair. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil sé i measc na sraithe is mó tóir orthu riamh ar TG4.
Craolfar an clár spleodrach deireanach Déardaoin seo agus i measc na bpríomhaisteoirí a bheidh ann tá Dara Devaney (Na Cloigne), Owen McDonnell (Single Handed) agus Gael-Mheiriceánach John Finn (Cold Case).
Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4 go bhfuil an stíl nua seo, tar éis talamh nua a bhaint amach don chainéal. “Léiríonn an t-aiseolas atá faighte againn ar na meáin shóisialta agus sna meáin traidisiúnta go bhfuil an-tóir ar An Bronntanas”, a deir sé. “Tá an lucht féachana dílis atá againn á dheimhniú dúinn go bhfuil an tsraith seo ag soláthar súil eile na drámaíochta dóibh. Tá moladh faighte againn freisin ar an atmaisféar drámata agus an stíl fhísiúil nuálach – an Celtic Noir mar atá baiste uirthi - atá ag mealladh lucht féachana mór, faoi mar a rinne drámaí teilifíse Lochlannacha.”
Chomh maith le figiúirí TAM Ireland, tá coimisiúin déanta ag TG4 ar OÉG le tabhairt faoi Fios Físe, painéil tuairimíochta lucht féachana le Gaeilge líofa acu. Bhí aiseolas thar a bheith dearfach ón bpainéal seo; le níos mó ná 60% de Phainéal Fios Físe i ndiaidh breathnú ar an gcéad trí chlár, agus na rátaí sástachta air sna nóchaidí.
Deir an Léiritheoir sraithe, Ciarán Ó Cofaigh, "Tá ríméad orainn faoi cé chomh maith agus atá ag éirí leis An Bronntanas, ach go háirithe agus é ag tarraingt lucht féachana ó chuile aois ghrúpa.
Idir criú, aisteoirí agus na maoinitheoirí, creideann muid uilig go bhfuil sraith dhrámaíochta ar chaighdeán ard idirnáisiúnta cruthaithe againn. Go pearsanta, is cúis áthas dom go bhfuil sé seo bainte amach trí Ghaeilge.”
Is iad Ciarán Ó Cofaigh agus Tom Collins a léirigh An Bronntanas do ROSG agus De Facto Films agus Tom Collins a stiúraigh. Ar na haisteoirí eile tá Michelle Beamish (Crisis Eile), Pól Ó Gríofa (Ros na Rún), Charlotte Bradley agus Janusz Sheagall. Rinneadh An Bronntanas a scannánú ag láithreacha éagsúla timpeall ar Chonamara le Cian de Buitléar mar Ghrianghrafadóir.
Tá An Bronntanas maoinithe ag TG4, An BAI, Bord Scannán na hÉireann agus Northern Ireland Screen/ Irish Language Broadcast Fund.
Craolfar clár deireanach An Bronntanas Déardaoin 20 Samhain ag 9.30 i.n., TG4. www.tg4.ie