Ag cuir le sceideal an Fhómhair ar TG4, tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil séasúir láidir eile den tsraith buacach Fíor Scéal amach romhainn.
Tuilleadh clár faisnéise a thugann aghaidh go fuarchúiseach ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan.
Ag cuir tús leis an séasúir nua beidh;
The Green Book | Déardaoin 12 MF @ 22.30 (athchraoladh Dé Máirt 17/09 @ 00.55 ar TG4)
Clár faisnéise faoi ‘The Negro Motorist Green Book’ - treoirleabhar taistil a d’fhoilsigh Victor H. Green, oibrí poist as Harlem. Chuir Green liosta le chéile de na gnóthaí a bhí sásta freastal ar dhaoine dubha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go sábháilte trasna Mheiriceá le linn na tréimhse a raibh leithscaradh á dhéanamh orthu.
Fáilte Roimh Frídíní! | Déardaoin 19 MF @ 22.30 (athchraoladh Dé Máirt 24/09 @ 01.05 at TG4)
Fáilte Roimh Frídíní!: Tá sé os cionn deich mbliana ó thángthas ar thuiscint ar ghéanóm an duine agus tá eolaithe ag déanamh amach anois go bhfuil níos ag baint leis an duine ná sin. Chomh maith le miocróib tá os cionn leath de ghéanóm an duine comhdhéanta de víris, baictéir agus seadáin - atá sa duine de bharr phróiseas na héabhlóide leis na milliúin bliain. Is ar obair an mhicribhitheolaí Maria Gloria Dominguez Bello a dhírítear sa chlár seo agus ar an turas a thug sí go dtí an Amasóin le linn shamhradh 2012.
Bréag, Bolscaireacht & Saoirse | Déardaoin 26 MF @ 22.30 (athchraoladh Dé Máirt 1/10)
Déantar anailís sa chlár faisnéise seo ar reifreann na Catalóine ar neamhspleáchas, reifreann nach raibh údaraithe, agus mar a úsáideadh na meáin chumarsáide chun eolas míchruinn a scaipeadh. Ceaptar gur bréagnuacht a bheidh i 50% den ábhar a bheidh ar líne faoin mbliain 2022. Cén chaoi a mbeidh príomhmheáin thábhachta ábalta bréagnuacht a sheachaint? Cén chaoi ar féidir linn déileáil le bréagnuacht? Cén chaoi ar féidir a aithint gur bréagnuacht atá ann? An muidne a scaipeann bréagnuacht i ngan fhios dúinn féin?
Bí linn gach oíche Déardaoin ar TG4 le hathchraoltaí gach Máirt nó féach aon am, aon áit ar seinnteoir TG4.