Tá ríméad orainn go bhfuil ROSG i measc na gcomhlachtaí atá roghnaithe ag TG4 agus Fís Éireann chun sraith dhrámaíochta nua a fhorbairt.
Tá cúig sraith drámaíochta roghnaithe ag TG4, i gcomhar le Fís Éireann/Screen Ireland le forbairt do lucht féachana níos óige, faoi 35 bhliana. Beidh an cúig bhunsraith nua, charachtar-bhunaithe, comhaimseartha agus siamsúil agus táthar ag súil go meallfaidh siad glúin eile ilchineálach de lucht spéise drámaíochta TG4. Tá na sraitheanna a roghnaíodh i nGaeilge agus is scéalta éagsúla, comhaimseartha, áitiúla iad a bhfuil tarraingt náisiúnta agus idirnáisiúnta iontu.
Ciontach - scéal cailín atá dóchasach go dtí go scriostar an dóchas sin. Scríofa ag Clíona Ruiséil, léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh agus Eilís Ní Cheallaig ag ROSG.