Taispeánfar Cré na Cille mar chuid den tsraith SCANNÁIN AR STÁITSE Déardaoin 25 Meán Fómhair sa Taibhdhearc i nGaillimh. Beidh léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh faoi agallamh i ndiaidh don scannán a bheith taispeánta.
Scéal é Cré na Cille faoin bhfuath nimhneach atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, fuath a thosaigh ina choimhlint éadmhar eatarthu agus iad ina ngearrchailí, agus a raibh briseadh croí mar thoradh air nuair a sciob Neil an fear a raibh Caitríona i ngrá leis. Níor mhaith Caitríona é sin riamh dá deirfiúr, agus ní mhaithfeadh lena beo, ná ina dhiaidh sin féin! Ghlac an fuath a bhí ag Caitríona dá deirfiúr seilbh chomh mór sin uirthi gurb é a thiomáin tríd an saol í, agus tríd an athshaol ina dhiaidh sin.
Taispeánfar an scannán Déardaoin 20 Mmeán Fómhair ag 20:00. Is féidir ticéid a cheannach anseo.