Comhghairdeas le Seán Ó Cuirreáin agus leabhar nua foilsithe aige inniu, 'The Queen v Patrick O’Donnell The Man who shot the informer James Carey'.
Nochtaíonn an leabhar fianaise úrnua atá tagtha chun solais as comhaid a coinníodh faoi rún ar feadh níos mó ná 100 bliain a chothaíonn amhras faoi chás fir as Dún na nGall a crochadh i Londain sa bhliain 1883 nuair a ciontaíodh é i ndúnmharú.
I gcomhaid Roinn Gnóthaí Baile na Breataine a aimsíodh an fhianaise gur choinnigh breitheamh i gcúirt an Old Bailey eolas tábhachtach siar ón gcúirt.
De réir na fianaise seo, mheas an giúiré nach le mailís a ghníomhaigh Pádraig Ó Domhnaill (Padaí Mhicheáil Airt) as Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair, nuair a mharaigh sé an brathadóir cáiliúil James Carey.
Tá an t-eolas nua foilsithe i leabhar nua The Queen v Patrick O'Donnell leis an údar Seán Ó Cuirreáin. Tá fadchlár faisnéise bunaithe ar an leabhar, The Queen v Patrick O'Donnell léirithe ag ROSG agus craolfar é ar TG4 amach anseo.