Tá ríméad ar ROSG a fhoghlaim go bhfuil Murdair Mhám Trasna gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2018!
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na bliana seo ar bun i Llanelli sa Bhreatain Bheag. (www.celticmediafestival.co.uk )