Tá ROSG sásta a fhógairt go bhfuil scannánaíocht tagtha chun críche inniu ar fadscannán faisnéise nua faoi fhear Gaeltachta a crochadh as brathadóir, duine de na Invincibles, a mharú.
Tá an fhoireann chéanna a chuir Murdair Mhám Trasna in iúil tagtha le chéile arís chun an scéal cumhachtach seo a insint, tar éis taighde fairsing a rinne Seán Ó Cuirreáin do ROSG.
Deir an léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh:
“Tá an tionscadail seo beartaithe againn le tamaill fada anuas agus tá lúcháir orainn anois an fadscannán a chuir i gcrích. Ba dúshlán difriúil scannánaíochta é le COVID19 ach tá gach beart déanta ag ROSG chun sábháilteacht agus compord an chriú, na foirne agus na gcónaitheoirí áitiúla a chinntiú agus muid ag scannánú.
Creideann muid go láidir go bhfuil scéal mealltach anseo agus mionsonraí spéisiúla stairiúla a chuirfidh mearbhall ar ár lucht féachana."
Tá na haisteoirí buaiceacha, Stephen Jones, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell ag glacadh páirt sa bhfadscannán.
Tomás Seoighe atá i mbun stiúradh, Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin i mbun léiriú, Burschi Wojnar i mbun ceamara agus Margot Cullen mar dhearthóir. Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI.