Tá áthas ar ROSG a fhógairt go bhfuil an scannánú ar Murdair Mhám Trasna ag tosú an tseachtain seo. Scannán atá anseo a insíonn an scéal faoi na ndúnmharaithe a tharla i Mám Trasna in 1882. Dúnmharaithe barbartha a tharla i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe. Bunaithe ar an leabhar, Éagóir scríofa ag Seán Ó Cuirreáin agus foilsithe ag Cois Life, déanann Murdair Mhám Trasna cuir síos ar chrochadh éagórach agus príosúnú saol ar dhaoine neamh chiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na húdaráis agus na huaisle.
Deir an léiritheoir, Ciarán Ó Cofaigh:
“Tá muid ar bís le dul i mbun léiriú ar an scannán seo atá muid ag forbairt leis an údar Seán Ó Cuirreáin le cúpla bliain anuas. Is scéal faoi leith atá anseo a fheiceann muid mar trí chuid; na ndúnmharaithe brúidiúla féin, cuntas ar na cásanna cúirte éagórach a lean iad agus tuairisc ar an titim amach idirnáisiúnta a tharla dá bharr. Cé gur scéal Gaeltachta atá anseo, tá gnéithe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin.”
Beidh na haisteoirí buaiceach, Darach Ó Dubháin, Pól Ó Gríofa, David Heap, Aidan O’Hare, Peadar Ó Treasaigh agus go leor eile ag glacadh páirt sa bhfad-scannán drama-fáisnéis a bheas á scannánú i gConamara, Gaillimh, Baile Átha Cliath agus Béal Átha na Muice, Co Mhaigh Eo.
Tá Murdair Mhám Trasna á stiúradh ag Colm Bairéad agus á léiriú ag Ciarán Ó Cofaigh le Colm Hogan i mbun ceamara agus Conor Dennison mar dhearthóir. Tá Murdair Mhám Trasna maoinithe ag TG4 agus an BAI le tacaíocht ó Section 481.