Tá 6 ainmniúcháin IFTA (Irish Film and Television Academy) faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh.
Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.
Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh.
Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.
Deir Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Sraithe Na Cloigne:
“Tá riméad orainn an oiread ainmniúcháin a fháil agus iad trasna ar réimse leathan catagóirí.
Tá an scéal go mór faoi thionchar na scéalta sí agus an bhéaloideas traidisiúnta, chomh maith le bheith a inseacht i bhfoirm comhaimsearach físúil ar nós aon genre osnadúr/horror go bhfeicfeá ar teilifís nó sna scannáin. Tá an sraith mar mheascán idir an sean agus an nua, mar atá an sochaí Gaelach i gcoitinne.
Bhailigh muid aisteoirí agus criú den scoth le chéile don léiriúchán seo, agus is léiriú iad na hainmniúchaín seo ar an gcaighdeán ard scileanna atá ar fáil sa gceantar agus go bhfuil muid in ann dul in iomaíocht le léiriúcháin atá níos mó.”
Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.
Tá Na Cloigne ainmnithe do na catagóir seo a leanas do dhuaiseanna IFTA.
Tá an scannán lán-fhada Gaeilge Cré na Cille eisithe ar DVD ag ROSG le deireanaí freisin. Leagan scannán d’úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain.
Tá an DVD ar fáil le fotheidil i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinis, Gearmanaís agus Sínis, agus insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.