Duais do Scéal na Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach Scríbhneoir Scéal Manchán Magan san Irish Times Sé Dhráma Nua le Bheith Craolta ar TG4 Aisteoirí An Bronntanas Fógartha & Scannánú Tosaithe John Finn Fógartha do Ról in An Bronntanas Scéal na Gaeilge ainmnithe do Ghradam Fhéile na Meán Cheilteach Réamhléiriú Tosaithe ar Dhrámaíocht Cúig Pháirt 'An Bronntanas' Gradam Chumarsáide an Oireachtais 2012 Faigheann Scéal na Gaeilge 'Sraith na Bliana' ag Gradam Chumarsáide an Oireachtais 2012 Féach ar Scéal na Gaeilge ar TG4, Clár 1 - Dé Sathairn 17 Márta @ 20.00 & Clár 2 Dé Luain 19 Márta @ 20.00 ROSG i mbun iar léiriú ar Scéal na Gaeilge. É seo agus go leor eile pléite ag Ciarán Ó Cofaigh in agallamh leis an IFTN. Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí gearr scannáin Gaeilge a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim craolta. Sraith Tá an duais don “Sraith Drámaíochta is Fearr” ag Féile na Meán Cheilteach buaite ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh. Bhuail Na Cloigne sraitheanna móra ar nós Sherlock Tá 6 ainmniúcháin IFTA faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh Tá Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh, roghnaithe le ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Féile na Meán Cheilteach. Próifíl Ciarán Ó Cofaigh - Galway Independent Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Cré na Cille

Sraith Tá an duais don “Sraith Drámaíochta is Fearr” ag Féile na Meán Cheilteach buaite ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh. Bhuail Na Cloigne sraitheanna móra ar nós Sherlock

Is é an sprioc atá ag Féile na Meán Ceilteach ná ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin, cláir teilifíse, cláir raidió agus na meáin úra a chuireann cultúir agus teangacha ó na tíortha ceilteacha chun cinn. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó na meáin atá lonnaithe sa Bhriotáin, i gCorn na Breataine, Éire, Albain agus sa Bhreatain Bheag ar na gradaim a chuimsíonn tionscnaimh éagsúla sna meáin seanbhunaithe agus sna meáin úra.

Bhuaigh Na Cloigne an duais don Sraith Drámaíochta is fearr in aghaidh iomaíocht ghéar uaidh na sraitheanna móra Sherlock, Lip Service,  Single Father,  Istoriou Breizh agus Pen Taler.

 

Roghnaíodh Na Cloigne as gearr liosta do scoth na drámaíochta (i mBéarla agus i nGaeilge) as an oileán seo.  Ar an ngearrliosta bhí ‘Love/Hate’, ‘Na Cloigne’, Raw, agus  An Crises. 

Tá caighdeán an ard ag na gcláracha atá roghnaithe don bhFéile, áit go mbíonn drámaíocht teilifíse ag teacht ó na mhór chraoltóirí ar nós an BBC, RTÉ, UTV, TG4 agus Channel 4.

 

Siad na drámaí a bhí ar an ngearrliosta don bhFéile ná:

 

  • Na Cloigne                 ROSG, Éireann
  • Sherlock                    Hartswood Films, An Bhreatain Bheag
  • Lip Service                Kudos Films, Albain
  • Single Father            Red Production Company, Albain
  • Istoriou Breizh         Pois Chiche, An Bhriotáin
  • Pen Taler                   Fiction Factory, An Bhreatain Bheag

 

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Na Cloigne  

 

“Tá muid an bhródúil gur éirigh leis Na Cloigne an duais a fháil don Sraith Drámaíochta is Fearr ag Féile na Meán Cheilteach.  Is ábhar áthais agus iontais dúinn gur bhuail muid sraitheanna móra ar nós Sherlock agus Lip Service, agus is léiriú atá ann ar chaighdeán an criú agus cliar a bhí ag obair linn ar an Na Cloigne.  Léiríonn sé freisin gur féidir le cláracha i nGaeilge dul san iomaíocht le cláracha móra náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta i mBeárla.”

 

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

 

Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh. 

 

Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne.  Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.

 

Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie