Roghnaíodh ‘Na Cloigne’ agus é in iomaíocht le leithidí ‘Love/Hate’ agus ‘Raw’, le bheith mar rogha ar dhramaíocht teilifíse na hÉireann ag Féile na Meán Cheilteach
‘Na Cloigne’, a contemporary Irish language supernatural thriller broadcast on TG4 last year, has beaten off stiff competition from a host of Irish TV drama productions to be selected as the Irish entry in the ‘Drama Series’ category at the prestigious Celtic Media Festival.
Is é an sprioc atá ag Féile na Meán Ceilteach ná ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin, cláir teilifíse, cláir raidió agus na meáin úra a chuireann cultúir agus teangacha ó na tíortha ceilteacha chun cinn. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó na meáin atá lonnaithe sa Bhriotáin, i gCorn na Breataine, Éire, Albain agus sa Bhreatain Bheag ar na gradaim a chuimsíonn tionscnaimh éagsúla sna meáin seanbhunaithe agus sna meáin úra.
Roghnaíodh Na Cloigne as gearr liosta do scoth na drámaíochta (i mBéarla agus i nGaeilge) as an oileán seo. Ar an ngearrliosta bhí ‘Love/Hate’, ‘Na Cloigne’, ‘Raw’, ‘An Crises’ agus ‘Ros na Rún’.
Tá caighdeán an ard ag na gcláracha atá roghnaithe don bhFéile, áit go mbíonn drámaíocht teilifíse ag teacht ó na mhór chraoltóirí ar nós an BBC, RTÉ, UTV, TG4 agus Channel 4.
Siad na drámaí atá ar an ngearrliosta don bhFéile ná:
A tseachtain seo caite fógraíodh go bhfuil 6 ainmniúcháin IFTA (Irish Film and Television Academy) faighte ag Na Cloigne, i gcatagóirí éagsúla;
Sraith Drámaíochta is fearr, Stiúrthóir Teilifíse is fearr , Scríbhneoirí Teilifíse is fearr, Smidiú & Gruaig, Ceol, Clár/Sraith Gaeilge is fearr
Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.
Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh.
Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.
Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, Liritheoir ‘Na Cloigne’,
“Tá riméad orainn a bheith roghnaithe le ionadadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa gcatagóir Drámaíochta ag an bhFéile. Go háirithe agus muid in iomaíocht le sraitheanna móra i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an deá scéala seo faighte againn díreach seachtain théis dúinn 6 ainmniúcháin a bhaint amach i gcomórtas IFTA. Tá sé iontach aitheantas poiblí mar seo a fháil ar an sraith os rud é gur oibrigh muid uilig an chrua le sraith do ard chaighdeán a bhaint amach.
Bhailigh muid aisteoirí agus criú den scoth le chéile don léiriúchán seo, agus is léiriú iad na hainmniúchaín seo ar an gcaighdeán ard scileanna atá ar fáil sa gceantar seo agus go bhfuil muid in ann dul in iomaíocht le léiriúcháin atá níos mó.”
Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.