Fiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain sa sraith faisnéise nua An Balla. Tabharfaidh sí cuairt ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo; áit a raibh balla Bheirlín; teorainn idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas agus Iosrael agus an Phailistín.
Cloisimid scéalta na ndaoine agus pobail a bhfuil a saol athruithe mar gheall ar na ballaí. Scéalta na daoine a chonaíonn faoi scáileanna na ballaí agus iad súid atá ar a son agus iad siúd atá ina choinne.
Dé Céadaoin 9/1 ag 21.30 | SAM - Meicsiceo
Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. 2000 míle atá an teorainn ó Chósta an Aigéin Chiúin go Murascaill Mheicsiceo. Ann, tá scéalta bróin agus briseadh croí, uafáis agus dóchais. 750 míle de bhalla ar a bhfuil fál sreinge, de bhallaí coincréite agus bacainní iarrainn atá súil ag an Uachtarán Trump cur leis chun ná céadta mílte a thrasnaíonn é go Meiriceá go mídhleathach chuile bhliain a choinneáil amach.
Dé Céadaoin 16/1 ag 21.30 | Beirlin
Leanfaidh Síle Nic Chonaonaigh dá turas ina dtugann sí cuairt ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain. Is i mBeirlín a bheidh sí sa chlár seo. Bhí titim Bhalla Bheirlín ar cheann de na hócáidí ba mhó sa 20ú haois. 30 bliain ina dhiaidh, casfaidh Síle le Gearmánaigh ar an dá thaobh a bhfuil cónaí orthu faoina scáth. Déanfar cur síos di ar an Stasi a raibh smacht aige ar gach gné den saol in Oirthear Bheirlín agus cloisfidh sí scéalta faoi dhaoine cróga a chuir iad féin i mbaol chun éalú ón gcóras Cumanach a bhí i bhfeidhm.
Dé Céadaoin 23/1 ag 21.30 | An Chóiré
Leanfaidh Síle Nic Chonaonaigh dá turas ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain. Sa chlár cumhachtach seo, tabharfaidh sí cuairt ar cheann de na teorainneacha is dainséaraí ann - idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. Chomh maith le dul chomh fada leis an teorainn, tabharfaidh sí cuairt freisin ar an bpríomhchathair - Seoul- agus labhróidh le muintir na Cóiré ón dá thaobh. Inseofar scéalta goilliúnacha na dteaghlach a scaradh óna chéile sa chogadh agus scéalta na ndaoine a rinne gach a d'fhéad siad chun éalú ón saol sa Chóiré Thuaidh di.
Dé Céadaoin 30/1 ag 21.30 | Iosrael / An Phalaistín
Sa chlár deiridh sa tsraith, ina dtugann Síle Nic Chonaonaigh turas ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain, is in Iosrael-An Phalaistín a bheidh sí áit a bhfuil ceann de na teorainneacha is conspóidí ar domhan. Ceisteoidh Síle an t-údar gur rinneadh an balla an chéad lá riamh, tabharfaidh sí cuairt ar na lonnaíochtaí Giúdacha a mbítear ina achrann fúthu agus casfaidh le daoine a bhfuil a gcuid talún, slí bheatha agus a gcuid daoine caillte acu sa scliúchas.