Ag cur leis an séasúr nua Fíor Scéal; Clár faisnéise a thugann aghaidh go fuarchúiseach ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan.
Déardaoin beag seo 5ú Samhain cuirfear tús le ceithre chlár faisnéise ina dtabharfar spléachadh ar shaol an sclábhaí nua-aimseartha.
Ar dtús tabharfar spléachadh sa gclár faisnéise ‘Sclábhaithe Rúnda na Cóiré Thuaidh’ ar na droch-choinníollacha oibre agus maireachtála atá ag muintir na Cóiré Thuaidh.
Déardaoin 5/11 Sclábhaithe Rúnda na Cóiré Thuaidh
Tabharfar léargas ar an gcaoi a gcuidíonn an gháinneáil ar dhaoine le clár núicléach Kim Jong-un a mhaoiniú.
Tá 70,000 sclábhaí ar fud an domhain ag obair chun airgeadra eachtrach a sholáthar do réimeas na Cóiré Thuaidh - fiú san Aontas Eorpach.
Déardaoin 12/11 Crá Croí an Chailín Aimsire
Leanfar gníomhairí fostaíochta a chuireann síos go beoga ar an gcineál seo oibre, chomh maith le mná atá ar a ndícheall filleadh abhaile chun an Mheánoirthir ón saol uafásach seo ar cuid den saol é an ciapadh, mí-úsáid, éigniú agus laethanta oibre 18 uair an chloig. Gafa i gcóras Kafala, déantar a bpasanna a bhaint uathu, iad faoi cheangal ag a bhfostóir. Ní féidir leo teitheadh agus bíonn pionóis nó seal i bpríosún i gceist má fhéachann siad lena leithead a dhéanamh.
Déardaoin 19/11 Leanaí á nDíol
Tabharfar spléachadh sa gclár faisnéise seo ar shaol leanaí ar diúltaíodh óige agus oideachas dóibh ar mhaithe len iad a dhíol le dul ag obair i mianaigh mica, chun duilleoga tae a phiocadh ar phlandálacha, le dul ag obair ina gcúntóirí baile agus fiú len iad a dhíol le fir mar mhná céile agus gan iontu ach cailíní óga. Tá an India ar cheann de na tíortha is dhaonlathaí ar domhan. Ceannaítear agus díoltar na milliúin leanaí leochaileacha san India agus ní thugtar dóibh ach díreach an méid a theastaíonn uathu le maireachtáil.
Fíor Scéal, gach Déardaoin ag 22.30 ar TG4 agus ar fud an domhain ar TG4.ie