Tá Fíor Scéal ar ais don bhliain nua agus mar is gnáth níl aon leisce orainn aghaidh a thabhairt ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta ó chearta daonna go cúrsaí sláinte go téamh domhanda.
Is sa Téalainn a bheidh an fócas don chéad chlár sa tsraith nua Fíor Scéal ag súil siar ar an oíche tubáisteach Lá Fhéile Stiofáin 2004.
Bhí an tonn bháite a bhuail an Áis Thoir Theas Lá Fhéile Stiofáin 2004 ar cheann de na tubaistí nádúrtha ba mheasa riamh i gcuimhne na ndaoine. Maraíodh 228,000 duine i 13 tír i gcúpla uair an chloig. Sa Téalainn, tugadh faoi 5,000 corp, idir thurasóirí ó ar fud an domhain agus mhuintir na háite, a aithint - seo é scéal lucht na tarrthála agus na foirne fóiréinsí a thug faoi tasc ollmhór sin.
Beidh an chlár seo ‘I nDiaidh na dTonnta’ á chraoladh anocht, oíche Déardaoin 9/01 ag 22.30 ar TG4.
Cláir faisnéise Fíor Scéal eile a bheidh á chraoladh ar TG4 ná;
Ollscoil na Lachan, Déardaoin 16/01 ag 22.30 ar TG4
Trí mhíle lacha, aon fheirmeoir agus aon sprioc mhór amháin - rís saor ó cheimiceáin a tháirgeadh. D'éirigh le feirmeoir sa Téalainn sin a dhéanamh le lachain a thraenáil le haire a thabhairt dá ghort ríse. Seo é a dtugtar feirmeoireacht inbhuanaithe air.
Féach oíche Déardaoin ag 22.30 ar TG4, le athchraoladh Dé Máirt 21/1 ag 01.00.
An tAonarán, Déardaoin 23/01 ag 22.30 ar TG4
Níl ach aon Srónbheannach Bán Tuaisceartach amháin fanta ar an domhan a bhfuil gardaí cosanta á chosaint. Tagann na sluaite, idir iriseoirí agus thurasóirí, chun na Céinia chun é a fheiceáil agus tá eolaithe ar an ndícheall an speiceas a thabhairt slán. Ach cad é an tóir seo a bhíonn ag an duine ar an ní atá ag dul i léig agus céard a insíonn sin faoin duine?
Féach oíche Déardaoin ag 22.30 ar TG4, le athchraoladh Dé Máirt 28/1 ag 01.00.
Beidh gach chlár le fáil ar seinnteoir TG4.ie ar feadh 30 lá tar éis an chéad chraoladh.