Beidh Murdair Mhám Trasna a thaispeáint san Eye Cinema i nGaillimh ar an Satharn 18 Lúnasa ag 1.15pm, cothrom an lae céanna sin sa bhliain 1882 a tharla na dúnmharuithebrúidiúla i Mám Trasna atá mar ábhar don scannán.
Údarás Craolacháin na hÉireann i gcomhair leis an gcomhlacht teilifíse ROSG atá ag cur na hócáide saor in aisce seo ar fáil mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus Bliainna Gaeilge.
Níos luaithe i mbliana ar chomhairle an Rialtais thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. ÓhUiginn pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir nuair a ciontaíodh é arfhianaise bhréagach agus ar fhaisnéise ó bhrathadóirí a dúirt go raibh lámh aige sna dúnmharuithe. Beidh cuid de shliocht Mhaolra Seoighe ag teacht as Meiriceá le bheith i láthair ag an ócáid.
Níos luaithe ar an Satharn céanna sin, ag 11.00am beidh Aifreann i nGaeilge i gcuimhne na ndaoine ar fad a d’fhulaing de bharr dhúnmharuithe Mhám Trasna a cheiliúradh in Ardeaglais na Gaillimhe ag an Easpag Breandán Ó Ceallaigh. Tar éis an Aifrinn sin leagfar bláthfhleasca i gcarrchlóis na hArdeaglaise san áit ar crochadh agus ar cuireadh MaolraSeoighe agus beirt eile de mhuintir Mhám Trasna cothrom an lae sin, sa bhliain 1882.
Tá glactha ag Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn le cuireadh a bheith i láthair ag an Aifreann agus ag leagadh na mbláthfhleasc. Casfaidh sé le sliocht Mhaolra Seoighe as Meiriceá agus bronnfaidh sé cóip den phardúin uachtaránachta a shínigh sé níos túisce imbliana orthu.
Beidh fáilte mhór roimh an bpobal ag an Aifreann ag 11.00am agus is féidir le daoine gur mian leo ticéad saor in aisce a fháil don scannán ag 1.15pm san Eye Cinema iad a chuir ináirithe ar an suíomh www.eventbrite.ie
ROSG, comhlacht léiriúcháin as Gaillimh a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíochtó Údarás Craolacháin na hÉireann.