Is é Scéal na Gaeilge a fuair Sraith na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012. Déanann na gradaim ceiliúradh ar scoth na teilifíse, raidió agus iriseoireachta na Gaeilge.
Tugann an phríomhduais teilifíse aitheantas do chlár nó shraith teilifíse a bhfuil ardchaighdeán bainte amach aige.
Ag labhairt faoin ngradam ag an searmanas bronnta, dúirt Ciarán Ó Cofaigh;
“Is mór an onóir dúinn an gradam seo a bhaint amach.
Thaispeáin muid, i mo thuairim, gur féidir leat clár suimiúil agus spéisiúil a dhéanamh ar rud ar bith, ach go háirithe an t-ábhar is tábhachtaí dhom féin go pearsanta, agus sin scéal na Gaeilge.”