Is an chéad shraith de Scéal ag druidim chun deiridh ar TG4, tá scannánú tosaithe ar Scéal 2. Ag leanúint leis na scéimeanna gearr scannáin Síol agus Údar atá Scéal agus tá na scéimeanna ag dul ó neart go neart ó a thosaigh siad.
Tá sé cinn de dhráma ar ardchaighdeán léirithe ag gach scéim, le gradaim bainte amach ag cuid de na scríbhneoirí agus stiúrthóirí. I measc na ngradam sin, bhain gearr scannán Scéal, Bás Arto Leary, Gradam Imeall Audience Choice amach ag Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin i mbliana.
Comhléirithe ag ROSG agus Eo Teilifís do TG4 agus an BAI agus Gréasán na Meán, scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Bhí na bunscéalta roghnaithe as gearrscéalta, dánta, scéalta béaloidis agus saothair eile a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.
Ar na scéimeanna a léiríodh roimhe seo, Síol, Údar, agus Scéal 1, bhí 18 gearr scannán léirithe do TG4, an BAI agus Gréasán na Meán. Tugann gach scéim deis do sheisear scríbhneoirí agus seisear stiúrthóirí píosaí nua oibre a fhorbairt faoi theagascóirí saineolaithe i scríbhneoireacht scripteanna agus i stiúradh teilifíse araon. Trí shraith ceardlanna tionscnamh-bhunaithe, treoraíonn Scéal na scríbhneoirí agus stiúrthóirí trí gach céim ón script go dtí an léiriúchán, rud a fhorbraíonn a gcuid scileanna agus a chuireann sé dhráma nua teilifíse ar fáil go healaíonta agus ar ardchaighdeán.