Féach ar Scéal na Gaeilge ar TG4, Clár 1 - Dé Sathairn 17 Márta @ 20.00 & Clár 2 Dé Luain 19 Márta @ 20.00 ROSG i mbun iar léiriú ar Scéal na Gaeilge. É seo agus go leor eile pléite ag Ciarán Ó Cofaigh in agallamh leis an IFTN. Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí gearr scannáin Gaeilge a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim craolta. Sraith Tá an duais don “Sraith Drámaíochta is Fearr” ag Féile na Meán Cheilteach buaite ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh. Bhuail Na Cloigne sraitheanna móra ar nós Sherlock Tá 6 ainmniúcháin IFTA faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh Tá Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh, roghnaithe le ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Féile na Meán Cheilteach. Próifíl Ciarán Ó Cofaigh - Galway Independent Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Cré na Cille

Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí gearr scannáin Gaeilge a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim craolta.

Ag leanacht leis na Scéimeanna Síol agus Údar, is cúis áthais dúinn scéim nua gearr scannáin a fhógairt darbh ainm Scéal. Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta.  Is féidir an bun scéal a roghnú as gearr scéal, dán, scéal béaloideas nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mhian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim. 

As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Is comhléiriúcháin é Scéal idir ROSG agus EO Teilifís.

Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar suíomh TG4.  www.tg4.ie/sceal

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie