Tá Fíor Scéal ar ais don bhliain nua agus mar is gnáth níl aon leisce orainn aghaidh a thabhairt ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta ó chearta daonna go cúrsaí sláinte go téamh domhanda.
Tá fianaise le fáil sna farraigí ar an athrú aeráide agus sin a bheidh á fhiosrú ar Fíor Scéal san oíche Déardaoin ar TG4 le clár na seachataine, Dialann Tubaistí 2017.
Clár faisnéise a chaithfidh súil siar ar na tubaistí nádúrtha ba mhó a tharla in 2017.
Bhí go leor hairicíní móra san Atlantach in 2017 - Harvey, Irma agus Maria ina measc. Tharla tuile mhór i Meiriceá Theas agus crith talún tromchúiseach i Meicsiceo. Sa Phortaingéil, loisceadh go leor talamh foraoise. Scrios tíofún grád a 4 Madagascar agus leagadh go leor den bhonneagar go talamh. Rinneadh luach na mbilliún de dhamáiste.
Cláir faisnéise Fíor Scéal eile a bheidh á chraoladh ar TG4 ná;
Saol Ársa na Linne Seo 18/01 @ 22.30: Clár faisnéise ar mhasaif charastach Lengguru in Iarthar Phapua san Aigéan Indiach. Tharla an mhasaif nuair a shleamhnaigh plátaí teicteonacha isteach ina chéile de bharr crithtalún 11 milliún bliain ó shin. Ó tharla go raibh sé rídheacair dul go dtí é tá feithidí, dúlra agus éiceachóras dá chuid féin ann. Féachfar sa chlár seo ar an turas taiscéalaíochta eolaíoch istábhachtaí a rinneadh i bPapua riamh nuair a chaith taighdeoirí as an Eoraip agus as an Indinéis seachtainí ag taiscéalaíocht ann.
Féach oíche Déardaoin ag 22.30 ar TG4, le athchraoladh Dé Máirt 23/1 ag 00.15
Solas ón Salann 25/1 @ 22.30: Clár faisnéise a léireoidh an taighde atá á dhéanamh ar uisce sáile agus mar atá eolaithe ar fud an domhain ag oibriú i dtreo fuinneamh a ghineadh as uisce sáile. An sáile a bheidh ag tabhairt cumhachta d’innill agus do mhonarchana amach anseo? An gcuirfidh sé seo deiridh le gás scealla agus ola agus dó breoslaí iontaise?
Féach, oíche Déardaoin ag 22.30 ar TG4, le athchraoladh Dé Máirt 30/1 ag 00.15