Mar chuid de chomóradh craoltóireachta TG4: 20 bliain ar an bhfód tá dramaíocht den scoth de chuid ROSG á chraoladh oíche Dé Sathairn faoin sraith TG4XX.
Agus aimsir an Gheimhridh ag teannadh linn, tá tús á chur leis na hoícheanta cois tine arís. Ná bac leis an XFactor i mbliana: tá TG4 ag craoladh togha na rogha drámaíochta chuile Dé Sathairn ón 10pm. I measc an drámaíocht a bheidh le taispeáint, tá scéal dorcha, lán le greann agus teanga shaibhir, Cré na Cille. Bunaithe ar úrscéal clúiteach de chuid Máirtín Ó Cadhain, tá an fadscannáin lonnaithe i reilig i gConamara agus déantar plé agus cur síos ar an éad agus fuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile; coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.
Stiúrtha ag Robert Quinn, d’éirigh thar cionn le Cré na Cille ag féilte scannáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta tar éis a chéad taispeáint in 2006. I measc na ngradaim a bhronnadh ar Cré na Cille, ba mhór an onóir do ROSG, Gradam ar son ‘Sár Seirbhís don Ghaeilge’ a bhuachan ag Gradam na hAislinge.
Tá muid ag súil go mór le Cré na Cille a fheiceáil ar an scáileán arís Dé Sathairn, 29 Deireadh Fómhair ag 10pm ar TG4.
Ní Cré na Cille amháin a bheidh le feiceáil ar TG4, craoladh an scéinséar ósnádurtha, Na Cloigne (The Heads) ar TG4XX le déanaí.
Sraith iomráiteach is ea Na Cloigne a dhéanann cur síos ar bhaile an Chloiginn i gConamara atá tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil.
Ní sraith é seo a fhéachfaidh tú air leat féin, beidh do chroí i do bhéal ag iarraidh déanamh amach cé hé nó hí atá ag tarraingt raic sa mbaile beag.
Is féidir teacht ar Na Cloigne áit ar bith ar fud an domhain ar seinnteoir TG4 go dtí deireadh na míosa. Seo chugaibh an nasc: http://www.tg4.ie/ga/player/tg4xx/?st=Na%20Cloigne
Mar aon leis Na Cloigne, craoladh eipeasóid amháin den tsraith dhorcha, An Bronntanas (The Gift) ar TG4 le gairid. Muna bhfuil sé feicthe agat cheanna, sraith buacach is ea An Bronntans atá lonnaithe i saol phobal an bháid tarrthála amach ó chósta Chonamara.
Ar oíche stoirme, tar éis glaoch tarrthála a fháil, tagann an criú tarrthála áitiúil ar lastas drugaí ar fiú os cionn milliún euro é, ar bhád iascaigh tréigthe. Nuair a dhéanann siad cinneadh an lastas seo a choinneáil dóibh féin titeann siad isteach i saol trioblóideach, foréigneach agus tragóideach.
Déanann Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir na sraithe cur síos ar chuid de na dúshláin a bhain leis an dráma a chur i gcrích: https://youtu.be/7h2IR8yXWuk
Tá fáil ar An Bronntanas ar fud an domhain ar feadh tréimhse gear ar seinnteoir TG4. Féach air anseo: http://www.tg4.ie/ga/player/tg4xx/?st=An%20Bronntanas
Lean muid ar na meáin shóisialta chun an nuacht is déanaí a fhoghlaim faoi chláracha de chuid ROSG.
è Facebook.com/ROSGtv | @ROSGtv ar Twitter agus Instagram