Tá Fíor Scéal ar ais le sraith úr duais-chláracha faisnéise!
Tosaíonn an séasúr Dé Máirt 17ú Meán Fómhair le Ag Tuile is ag Trá, clár a thugann léargas ar an athrú atá tagtha ar bhealaí maireachtála na ndaoine i gCape Verde agus go háirithe an t-iascach.
I measc na gcláracha eile sa tsraith seo tá, Páistí Goidte na Spáinne, Cath na hAmasóine, Géarchéim na Gréige agus Cá nDeachaigh an Gaineamh.
Craoltar Fíor Scéal chuile Dé Máirt ag 22:55 le hathchraoltaí chuile Déardaoin ag 00:15.
Cliceáil anseo le cláracha atá le teacht a fheiceáil!