Is é an sprioc atá ag Féile na Meán Ceilteach ná ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin, cláir teilifíse, cláir raidió agus na meáin úra a chuireann cultúir agus teangacha ó na tíortha ceilteacha chun cinn. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó na meáin atá lonnaithe sa Bhriotáin, i gCorn na Breataine, Éire, Albain agus sa Bhreatain Bheag ar na gradaim a chuimsíonn tionscnaimh éagsúla sna meáin seanbhunaithe agus sna meáin úra.
Bhuaigh Na Cloigne an duais don Sraith Drámaíochta is fearr in aghaidh iomaíocht ghéar uaidh na sraitheanna móra Sherlock, Lip Service, Single Father, Istoriou Breizh agus Pen Taler.
Roghnaíodh Na Cloigne as gearr liosta do scoth na drámaíochta (i mBéarla agus i nGaeilge) as an oileán seo. Ar an ngearrliosta bhí ‘Love/Hate’, ‘Na Cloigne’, Raw, agus An Crises.
Tá caighdeán an ard ag na gcláracha atá roghnaithe don bhFéile, áit go mbíonn drámaíocht teilifíse ag teacht ó na mhór chraoltóirí ar nós an BBC, RTÉ, UTV, TG4 agus Channel 4.
Siad na drámaí a bhí ar an ngearrliosta don bhFéile ná:
Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Na Cloigne
“Tá muid an bhródúil gur éirigh leis Na Cloigne an duais a fháil don Sraith Drámaíochta is Fearr ag Féile na Meán Cheilteach. Is ábhar áthais agus iontais dúinn gur bhuail muid sraitheanna móra ar nós Sherlock agus Lip Service, agus is léiriú atá ann ar chaighdeán an criú agus cliar a bhí ag obair linn ar an Na Cloigne. Léiríonn sé freisin gur féidir le cláracha i nGaeilge dul san iomaíocht le cláracha móra náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta i mBeárla.”
Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.
Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh.
Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.
Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.