Féach ar Scéal na Gaeilge ar TG4, Clár 1 - Dé Sathairn 17 Márta @ 20.00 & Clár 2 Dé Luain 19 Márta @ 20.00 ROSG i mbun iar léiriú ar Scéal na Gaeilge. É seo agus go leor eile pléite ag Ciarán Ó Cofaigh in agallamh leis an IFTN. Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí gearr scannáin Gaeilge a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim craolta. Sraith Tá an duais don “Sraith Drámaíochta is Fearr” ag Féile na Meán Cheilteach buaite ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh. Bhuail Na Cloigne sraitheanna móra ar nós Sherlock Tá 6 ainmniúcháin IFTA faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh Tá Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh, roghnaithe le ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Féile na Meán Cheilteach. Próifíl Ciarán Ó Cofaigh - Galway Independent Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Cré na Cille

Tá 6 ainmniúcháin IFTA faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh

 

Tá 6 ainmniúcháin IFTA (Irish Film and Television Academy) faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh.

 

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

 

Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh. 

 

Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne.  Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.

 

 

Deir Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Sraithe Na Cloigne: 

 

“Tá riméad orainn an oiread ainmniúcháin a fháil agus iad trasna ar réimse leathan catagóirí. 

Tá an scéal go mór faoi thionchar na scéalta sí agus an bhéaloideas traidisiúnta, chomh maith le bheith a inseacht i bhfoirm comhaimsearach físúil ar nós aon genre osnadúr/horror go bhfeicfeá ar teilifís nó sna scannáin.  Tá an sraith mar mheascán idir an sean agus an nua, mar atá an sochaí Gaelach i gcoitinne. 

Bhailigh muid aisteoirí agus criú den scoth le chéile don léiriúchán seo, agus is léiriú iad na hainmniúchaín seo ar an gcaighdeán ard scileanna atá ar fáil sa gceantar agus go bhfuil muid in ann dul in iomaíocht le léiriúcháin atá níos mó.”

 

Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.

 

Tá Na Cloigne ainmnithe do na catagóir seo a leanas do dhuaiseanna IFTA.

 

  • Sraith Dramaíochta:  Ciarán Ó Cofaigh
  • Stiúrthóir Teilifíse:  Robert Quinn
  • Scríbhneoirí Teilifíse:  Darach Ó Scolaí & Lauren Mackenzie
  • Smidiú & Gruaig:  Caroline McCurdy
  • Ceol:  Ray Harman
  • Clár/Sraith Gaeilge:  Ciarán Ó Cofaigh

 

Tá an scannán lán-fhada Gaeilge Cré na Cille eisithe ar DVD ag ROSG le deireanaí freisin. Leagan scannán d’úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain. 

Tá an DVD ar fáil le fotheidil i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinis, Gearmanaís agus Sínis, agus insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

 

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie