Duais do Scéal na Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach Scríbhneoir Scéal Manchán Magan san Irish Times Sé Dhráma Nua le Bheith Craolta ar TG4 Aisteoirí An Bronntanas Fógartha & Scannánú Tosaithe John Finn Fógartha do Ról in An Bronntanas Scéal na Gaeilge ainmnithe do Ghradam Fhéile na Meán Cheilteach Réamhléiriú Tosaithe ar Dhrámaíocht Cúig Pháirt 'An Bronntanas' Gradam Chumarsáide an Oireachtais 2012 Faigheann Scéal na Gaeilge 'Sraith na Bliana' ag Gradam Chumarsáide an Oireachtais 2012 Féach ar Scéal na Gaeilge ar TG4, Clár 1 - Dé Sathairn 17 Márta @ 20.00 & Clár 2 Dé Luain 19 Márta @ 20.00 ROSG i mbun iar léiriú ar Scéal na Gaeilge. É seo agus go leor eile pléite ag Ciarán Ó Cofaigh in agallamh leis an IFTN. Scéim fhorbartha í Scéal a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí gearr scannáin Gaeilge a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim craolta. Sraith Tá an duais don “Sraith Drámaíochta is Fearr” ag Féile na Meán Cheilteach buaite ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh. Bhuail Na Cloigne sraitheanna móra ar nós Sherlock Tá 6 ainmniúcháin IFTA faighte ag Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh Tá Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh, roghnaithe le ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Féile na Meán Cheilteach. Próifíl Ciarán Ó Cofaigh - Galway Independent Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Cré na Cille

Tá Na Cloigne, an sraith iomráiteach osnadúrtha a léirigh ROSG agus a bhí craolta ar TG4 anuraidh, roghnaithe le ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Féile na Meán Cheilteach.

 

 Roghnaíodh ‘Na Cloigne’ agus é in iomaíocht le leithidí ‘Love/Hate’ agus ‘Raw’,  le bheith mar rogha ar dhramaíocht teilifíse na hÉireann ag Féile na Meán Cheilteach 

 

‘Na Cloigne’, a contemporary Irish language supernatural thriller broadcast on TG4 last year, has beaten off stiff competition from a host of Irish TV drama productions to be selected as the Irish entry in the ‘Drama Series’ category at the prestigious Celtic Media Festival.

 

Is é an sprioc atá ag Féile na Meán Ceilteach ná ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin, cláir teilifíse, cláir raidió agus na meáin úra a chuireann cultúir agus teangacha ó na tíortha ceilteacha chun cinn. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó na meáin atá lonnaithe sa Bhriotáin, i gCorn na Breataine, Éire, Albain agus sa Bhreatain Bheag ar na gradaim a chuimsíonn tionscnaimh éagsúla sna meáin seanbhunaithe agus sna meáin úra.

 

Roghnaíodh Na Cloigne as gearr liosta do scoth na drámaíochta (i mBéarla agus i nGaeilge) as an oileán seo.  Ar an ngearrliosta bhí ‘Love/Hate’, ‘Na Cloigne’,  ‘Raw’, ‘An Crises’ agus ‘Ros na Rún’.

Tá caighdeán an ard ag na gcláracha atá roghnaithe don bhFéile, áit go mbíonn drámaíocht teilifíse ag teacht ó na mhór chraoltóirí ar nós an BBC, RTÉ, UTV, TG4 agus Channel 4.

 

Siad na drámaí atá ar an ngearrliosta don bhFéile ná:

 

  • Na Cloigne:  ROSG, Éireann
  • Sherlock:  Hartswood Films, An Bhreatain Bheag
  • Lip Service:   Kudos Films, Albain
  • Single Father:  Red Production Company, Albain
  • Istoriou Breizh:   Pois Chiche, An Bhriotáin
  • Pen Taler:  Fiction Factory, An Bhreatain Bheag

 

A tseachtain seo caite fógraíodh go bhfuil 6 ainmniúcháin IFTA (Irish Film and Television Academy) faighte ag Na Cloigne, i gcatagóirí éagsúla; 

Sraith Drámaíochta is fearr, Stiúrthóir Teilifíse is fearr , Scríbhneoirí Teilifíse is fearr, Smidiú & Gruaig, Ceol, Clár/Sraith Gaeilge is fearr

 

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

 

Fágtar baile an Chloiginn i gConamara tarraingthe as a chéile nuair a fhaightear coirp beirt bhan óg, iad lomnocht, gan aon chloigeann, sa choill áitiúil. Tarraingítear an t-ealaíontóir, Nuala, agus a páirtí drúisiúil, Seán, isteach i gcroílár an fhiosrúcháin ar na dúnmharaithe fad is atá éad, drúis agus míchinnteacht ag cur brú thar cuimse ar a gcaidreamh. 

 

Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne.  Ina measc tá Darach Ó Dubháin agus Siobhán O’Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu. I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.

 

 

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, Liritheoir ‘Na Cloigne’,

 

“Tá riméad orainn a bheith roghnaithe le ionadadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa gcatagóir Drámaíochta ag an bhFéile.  Go háirithe agus muid in iomaíocht le sraitheanna móra i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an deá scéala seo faighte againn díreach seachtain théis dúinn 6 ainmniúcháin a bhaint amach i gcomórtas IFTA.  Tá sé iontach aitheantas poiblí mar seo a fháil ar an sraith os rud é gur oibrigh muid uilig an chrua le sraith do ard chaighdeán a bhaint amach.

Bhailigh muid aisteoirí agus criú den scoth le chéile don léiriúchán seo, agus is léiriú iad na hainmniúchaín seo ar an gcaighdeán ard scileanna atá ar fáil sa gceantar seo agus go bhfuil muid in ann dul in iomaíocht le léiriúcháin atá níos mó.”

 

Bhí Na Cloigne maoinithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann, An BAI agus infheistíocht príobhaideach tríd Section 481.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie