Cuireann ROSG fáilte roimh an athbhliain agus ar ndóigh, roimh séasúr nua den tsraith iomráiteach, Fíor Scéal ar TG4.
Ag cur tús leis an tsraith, bliain théis an ionsaí sceimhlitheoireachta tragóideach a rinneadh ar oifigí Charlie Hebdo i bPáras, craolfar clár faisnéise Fíor Scéal: Charlie Hebdo ar Dé Máirt 5 Eanáir ar TG4.
Scrúdaíonn an clár faisnéise seo an ionsaí brúidiúil inar maraíodh dhá dhuine dhéag. Caithfear súil freisin ar ionsaithe agus ar dhúnmharuithe eile a tharla ina dhiaidh sin. Mar chuid den chlár beidh píosaí scannánaíochta a tógadh le linn na n-ionsaithe agus tuairisc ó dhaoine a bhí i láthair. Seo é scéal na n-ionsaithe ar Pháras bliain direach théis do tarlú.
Mar aon leis sin, beidh cláir eile sa sraith a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta, mar shampla:
Beirt Dhubha sa tSeachtain , Dé Máirt, 12/01/2016: Clár faisnéise faoin teannas atá le brath idir phobal gorm na Stáit Aontaithe agus na póilíní ansin. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá seans i bhfad níos mó ann go maróidh na póilíní fear óg gorm ná fear óg bán ach cén fáth é seo. Tharraing eachtraí ar nós chíréibeacha i Ferguson, Missouri, agóidí i Nua-Eabhrac tar éis do phóilín Eric Garner a thachtadh nuair a bhítear a ghabhadh agus cás Tamir Rice nach raibh ach dhá bhliain déag nuair a mharaigh póilín eisean, aird na meán. Cén fáth an bhfuil na póilíní ag marú na daoine seo agus céard atá na húdaráis ag déanamh chun é a stopadh?
Rihanna an Mhol Thuaidh, Dé Máirt 19/01/16: Clár faisnéise faoin amhránaí Kelly Fraser as réigiún Ionúiteach Cheanada. Bliain is fiche atá sí agus is ceoltóir rímhór le rá í a tharraingíonn slua mór lucht féachana gach áit a dtéann sí. Ábhar mór mórtais dá dream féin daoine, na hInúitigh, í Kelly agus is maith a thuigeann sí na deacrachtaí atá le sárú ag a pobal
Craoltar Fíor Scéal gach Máirt ag 10.30pm ar TG4 le hathchraoltaí deireanach san oíche gach Déardaoin.
Chun tuilleadh eolais a fháil amach faoin tsraith téigh chuig www.rosg.ienó cur glaoigh ar Katie Ní Chonghaile, 087 6310 637