Sraith í Water Is Our Future a thabharfaidh léargas ar an nganntanas uisce atá i gcúig cheantar éagsúla ar fud an domhain agus mar a théann muintir na gceantar sin i ngleic leis an bhfadhb ollmhór seo.
Eipeasóidí:
Sruth na Beatha in Andalucia - 26.04.18 @ 10.30pm
Tá baol ann gur gearr gur fásach a bheidh i gceantar Andalusia sa Spáinn ach le cabhair ó theicneolaíocht nua-aimseartha agus traidisiúin ársa tá bealaí faighte ag feirmeoirí leis an méid uisce a ídíonn siad a laghdú.
Sruth na Beatha ón gColorado 03.05.18 @ 10.30pm
Tá Abhainn Colorado ar cheann de na foinsí soláthair uisce is tábhachtaí sna Stáit Aontaithe ach ní habhainn cheart í a thuilleadh.
Sruth na Beatha ó Ghual na Gearmáine 10.05.18 @ 10.30pm
Tabharfar léargas ar shéarach fíorshalach sa Ghearmáin agus mar a dhéantar abhainn glan as an séarach.
Sruth na Beatha san Iordáin 17.05.18 @ 10.30pm
An Abhainn Jordan, abhainn a bhfuil meas mór ag na hIosraelaigh, na hIordánaigh agus na Palaistínigh uirthi, is ábhar don chlár seo. Cé go mbíonn na daoine sin i mbun cogaíochta, bíonn comhthuiscint eatarthu maidir le tábhacht na habhann.
Sruth na Beatha san Ísealtír 24.05.18 @ 10.30pm
Margadh na farraige.