Taispeánfar Murdair Mhám Trasna an tseachtain seo ar TG4 cothrom an lae ar crochadh Maolra Seoighe. An 4 Aibreán i mbliana bhain an tUachtarán Michael D Higgins leas as an gceart bunreachtúil atá aige pardún iarbháis a thabhairt do Mhaolra Seoighe a daoradh agus a crochadh san éagóir an 15 Nollaig 1882 maidir le Murdair Mhám Trasna.
Léirítear sa bhfadscannán faisnéise Murdair Mhám Trasna atá le craoladh arís Dé Sathairn ar TG4 ag 9.20pm an éagóir a tharla. Dar le saineolaithe áirithe tá an cás seo ar cheann de na cásanna iomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.
Deir an tUachtarán Higgins sa scannán “Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an Stáit de uafásach. Bhí breabaireacht i gceist. Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint. Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”
Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin atá Murdair Mhám Trasna agus bhí seisean chun tosaigh sa bhfeachtas chun pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe seo.
ROSG, comhlacht léiriúcháin as Gaillimh a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Bhuaigh an fadscannán an príomhdhuais sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach.
Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 15 Nollaig ag 9.20pm ar TG4 agus ar fud na cruinne ar sheinnteoir TG4.