Cuirfear tús spleodrach le séasúr nua den tsraith buacach Fíor Scéal san oíche Déardaoin 6/09 le clár faisnéise A Phalaistín, A Phalaistín ina dtabharfar léargas ar an turas a rinne an léiritheoir agus stiúrthóir John McColgan, a bhfuil neart gradam buaite aige, chuig an mBruach Thiar agus Gaza le Trócaire agus ar na daoine a casadh air ar an mbealach.
Léireofar sa chlár go bhfuil tuilleadh cúnaimh ag teastáil le síocháin a chur i réim sa cheantar.
Beidh Fíor Scéal á chraoladh ag an gnáth-am 22.30 gach Déardaoin le hathchraoladh gach Máirt ag meán oíche ar TG4.
Seo na cláracha faisnéise eile a bheidh ag teacht aníos an mhí seo.
GMO: Fíricí agus Bréaga 13/09 (athchraoladh 18/09) Clár faisnéise ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe ina ndéanfar an fhírinne a scagadh ó na bréaga. Tabharfar léargas freisin ar an méid a bheidh i gceist le bia a chur ar fáil ar fud an domhain, cúrsaí sláinte poiblí agus an timpeallacht a chaomhnú.
Dúchas agus Dúlra 20/09 (athchraoladh 25/09) Clár faoi DNA agus ar na fachtóirí a bhfuil tionchar acu air, dar le heolaithe. Ceapadh riamh gurbh é DNA an t-aon ní a raibh smacht aige ar an méid a bhí i ndán dúinn. Ach tá taighde déanta ag eolaithe ar an tionchar atá ag bia, truailliú, strus agus neart eile orainn. Tá sé d’acmhainn againn anois deireadh a chur leis na fachtóirí díobhálacha seo agus an timpeallacht a athrú. B’fhéidir go mbeadh muid in ann an méid atá i ndán dúinne agus don ghlúin atá le theacht a athrú.