Scannán dubh dorcha lán le greann agus ‘aicsean’ is ea ‘Cosa Nite’, faoi shaint, faoi dhrúis, agus faoi mharú a théann in aimhréidh i dteach ósta tuaithe in iarthar na hÉireann — agus i bportach níos faide siar. Dá fhaide a théann muid isteach sa scéal is faide síos atá muid ag dul sa pholl ifreannda seo atá á thochailt dúinn.
Bean atá pósta le fear brúidiúil óltach í Máirín, a iarrann ar Chóil, cara lena fear, é a mharú di. Nuair a chláraíonn beirt strainséirí san óstán, Olga agus Seán, chun oíche dhrúise a chaitheamh ann, agus nuair a nochtaíonn Cóil a chuid pleananna féin, tosaíonn an dúnmharú ag dul in olcas.