Cosa Nite

Stiúrthóir: Dearbhla Walsh
Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh

Scannán dubh dorcha lán le greann agus ‘aicsean’ is ea ‘Cosa Nite’, faoi shaint, faoi dhrúis, agus faoi mharú a théann in aimhréidh i dteach ósta tuaithe in iarthar na hÉireann — agus i bportach níos faide siar. Dá fhaide a théann muid isteach sa scéal is faide síos atá muid ag dul sa pholl ifreannda seo atá á thochailt dúinn.



Bean atá pósta le fear brúidiúil óltach í Máirín, a iarrann ar Chóil, cara lena fear, é a mharú di. Nuair a chláraíonn beirt strainséirí san óstán, Olga agus Seán, chun oíche dhrúise a chaitheamh ann, agus nuair a nochtaíonn Cóil a chuid pleananna féin, tosaíonn an dúnmharú ag dul in olcas.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha Cosa Nite

Creidiúintí

Stiúrthóir Dearbhla Walsh
Léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh
Scríbhneoir Darach Ó Scolaí
Ceol Kíla
Aisteoirí Macdara Ó Fátharta, Máire Ní Mháille, Pádraig Ó Loinsigh, Mary Ryan, Bairbre Hergett, Eamon Rohan, Diarmuid Mac an Adhastair & Pádraig Ó Tuairisg.
Ceamaradóir Ronan Fox
Eagarthóir Emer Reynolds
Craoltóir TG4