Bríd Ní Neachtain

Is as Gaillimh do Bhríd ó dhúchas agus bhí sí ina ball de Chompántas Amharclann na Mainistreach go dtí 1999.  I measc na léiriúchán ba mhó a thaitin léi, bhí: Translations, Mary Makebelieve, Boss Grady’s Boys, The Mai, Lower Depths, Riders to the Sea, The Playboy of the Western World (Féile Ealaíon Hong Kong), The Well of The Saints (Féile Idirnáisiúnta Perth), agus The Great Hunger (Féile Dhún Éideann, Londain, Páras, Nua-Eabhrac agus Moscó). Bhí Bríd i bpáirt Rose sa chéad taibhiú de Dancing At Lughnasa (Amharclann na Mainistreach, Royal National Theatre, West End agus Broadway). Bhí páirt aici sa dráma Consenting Adults de chuid Fishamble agus ghlac sí páirt na Máthar/Caillí in Hansel and Gretel don Storytellers Theatre Company. Bhí sí le feiceáil sa dráma Portia Coughlan a léirigh Brian Brady in Amharclann na Péacóige agus, le déanaí, ghlac sí páirt Auntie Ah in Woman and Scarecrow a léirigh Selina Cartmell in Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Ba í a rinne páirt Juno le gairid i Juno and the Paycock a léirigh Andrew Flynn don ART agus d’Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí ar chamchuairt náisiúnta ar fud na hÉireann. Ní fada ó shin a bhí sí le feiceáil i bpáirt Bhridget i ndráma Frank McGuinness There Came a Gypsy Riding a léirigh Padraic McIntyre don Livin’ Dred Theatre Company agus bhí ról aici freisin in Here We Go Again Still le Christian O’Reilly don Decadent Theatre Company i nGaillimh.

Tá go leor oibre déanta ag Bríd freisin le Taibhdhearc na Gaillimhe agus an uair dheireanach a bhí sí le feiceáil ann bhí sí ag glacadh páirte sa dráma Namhaid don Phobal – leagan Gaeilge de dhráma Ibsen An Enemy of the People a rinne Moonfish Theatre. Bhí ról iomráiteach aici freisin i léiriúchán na Taibhdheirce de Cré na Cille (as ar bhain sí ainmniúchán don Bhan-aisteoir is Fearr i nGradaim an Irish Times/BSL, 2003) agus ba í a ghlac páirt Chaitríona sa scannán Cré na Cille, faoi stiúir Robert Quinn do TG4/Telegael, as a bhfuair sí ainmniúchán don Bhan-aisteoir is Fearr mar chuid de Ghradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2008.  Beidh sí le feiceáil go luath sa dráma grinn Gaeilge, Anseo, de chuid Wildfire Films ar TG4.

Scannáin agus Cláir Teilifíse eile atá déanta aici: Dying for a Drink (RTÉ), The Family (BBC/RTÉ), Ros Na Rún (Tyrone/TG4), Lipservice (Brother Films/TG4), Clare sa Spéir & An Té Ná Fuil Láidir (TG4).