Joe Steve O Neachtain

Tá aithne fhorleathan ar Joe Steve i bpáirt Pheadair sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4. Leis an drámaíocht stáitse a thosaigh sé amach, áfach, nuair a chuaigh sé ar an ardán den chéad uair i 1956 agus tá páirt glactha aige i mórchuid léirithe riamh ó shin.  I measc na léirithe sin bhí Deireadh an Aistir, Oíche na Marbh, An Strainséara Dubh, Mo Thriúr Aingeal agus An Pháirc le hAisteoirí an Spidéil. Ghlac sé páirt freisin i ngeamaireachtaí le Taibhdhearc na Gaillimhe sna seascaidí. 

 

Bronnadh Gradam Jacobs air as an sobaldhráma raidió Baile an Droichid a scríobh sé do Raidió na Gaeltachta agus a raibh páirt aige ann.  Mhair Baile an Droichid deich mbliana ar Raidió na Gaeltachta.  Tá trí gheamaireacht dá chuid léirithe ag Pléaráca Teo.  Tá Gradam Chló Iar-Chonnachta buaite faoi dhó aige leis an leabhar gearrscéalta Clochmhóin agus leis an úrscéal Lámh Láidir. 

 

Tá príomhdhuais litríochta an Oireachtais buaite faoi thrí aige le húrscéalta agus le cnuasach gearrscéalta agus an phríomhdhuais sa drámaíocht buaite faoi dhó aige.  D’éirigh lena chuid drámaí Níor Mhaith Linn do Thrioblóid, In Ainm an Athar agus Faoi Dheire Thiar an Taibhdhearc a líonadh go barra bachall chuile oíche ar feadh coicíse.  Bhain sé Gradam ‘Stewart Parker’ amach ar Níor Mhaith Linn do Thrioblóid.

Ghlac sé páirt ‘Tom Rua’ i leagan stáitse  Mhac Dara Uí Fhátharta de Cré na Cille a léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe agus sa scannán den teideal céanna atá déanta ag ROSG.