Scéal na Gaeilge Na Cloigne
Cré na Cille Léargas Ginearálta Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Actors > Mike P Ó Conaola

Is as an Sídheán ar an Spidéal do Mike P. Ó Conaola.  Is léiritheoir raidió  agus teilifíse é a chaith blianta ag obair le RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta.  Bhain sé Gradam Jacobs amach i 1973.   

Chomh maith lena chuid oibre craoltóireachta, tá cuid mhaith aisteoireachta déanta aige i mBaile Átha Cliath – sa Damer, in Amharclann na Péacóige agus in Amharclann na Mainistreach.  Chomh maith leis sin, ghlac sé páirt i ndrámaí le hAisteoirí an Spidéil, le Taibhdhearc na Gaillimhe agus leis an Seven Ages Theatre Company.  Ba é Maidhc P. a léirigh dráma iomráiteach Joe Steve Uí Neachtain Níor Mhaith Linn do Thrioblóid a léiríodh ar fud na hÉireann agus i mBoston Mheiriceá.   

Ghlac sé  páirt sa scannán Raic a rinneadh i gCarna blianta siar agus i scannáin eile teilifíse thar na mblianta.  Glacann sé páirt freisin ar bhonn rialta sa sobalchlár Ros na Rún.  Is é atá i bpáirt an Bhleachtaire in Na Cloigne.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie