10 Eanáir: Ar gCúl ón Tús

Clár faisnéise faoi cheathrar cailíní a rugadh in 2005 ar cheithre mór-roinn éagsúla tráth a raibh cúrsaí ina gcíor thuathail sna tíortha atá i gceist. Díreach nuair a chríochnaigh an cogadh cathartha sa Libéir a rugadh Secret.

Rugadh Noelia do theaghlach fíorbhocht sa Bholaiv. Saolaíodh Alaishrí i lár aighneas treibhe san India agus is de bhunú na Congóile í Daniela a tháinig ar an saol ar urlár in árasán sa tSualainn.

Rinneadh taifeadadh orthu an chéad bhliain dá saol agus anois deich mbliana ina dhiaidh sin, fillfidh muid ar na cailíní arís.

10 Eanáir ar an am nua; 22.00 ar TG4.

Féach ar Mhíreanna & Chláracha Fíor Scéal

Féach ar Mhíreanna & Cláracha Fíor Scéal