Tugtar léargas sa gclár faisnéise seo ar an obair a bhíonn ar bun ag mná áirithe agus iad ag iarraidh a bheith ina sagairt ag tarraingt aird ar neamh-chomhionannas inscne. Tugtar léargas ar an gceist seo go háirithe in áiteanna a bhfuil údarás morálta ag an Eaglais i gcónaí. Feicfear triúr ban i mbun oibre chun an Teagasc Críostaí a athrú: Jacqueline Straub, diagaire as an Eilvéis, an reibiliúnach Christina Moreira agus an sagart Meiriceánach Afracach, Myra Brown.