Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga

Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh
Stiúrthóir : Mac Dara Ó Curraidhín

Iniúchadh ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta ina scrúdaítear a chuid scríbhneoireachta idir Ghaeilge agus Bhéarla. Insítear scéal a óige in Árainn, agus déantar cur síos ar a chuid eachtraí mar scoláire, mar shaighdiúir agus mar údar óg. Dírítear ach go háirithe ar an dearcadh a bhí aige ar an nGaeilge, agus ar na cúiseanna nár scríobh sé níos mó sa teanga sin. Faigheann muid tuairimí éagsúla faoi ó scríbhneoirí, ó scoláirí liteartha agus ó dhaoine a raibh aithne acu air. Baintear leas as scannáin agus as pictiúir nach facthas go poiblí riamh cheana.

 

Fuair Idir Dhá Theanga an duais do ‘Best Arts Documentary’ ag an bhFéile Ceilteach Scannáin.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga

Creidiúintí

Léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh
Stiúrthóir Mac Dara Ó Curraidhín
Eagarthóir Gordon Bruic
Ceamara Richard Kendrick
Script Alan Titley
Fuaim Máirín Ní Riordáin
Craoltóir TG4