Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille

Stiúrthóir: Mac dara Ó Curraidhín
Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh

Tríocha bliain tar éis a bháis, tá an Gael ildánach Máirtín Ó Cadhain ag fanacht lena bheatháisnéisí. Lena linn féin fathach a bhí sa gCadhanach. Maireann Éireannaigh fós faoina scáth. Sa chlár seo riantar scéal an scríbhneora, an phoblachtánaigh, an mhúinteora, an agóidí, agus an ollaimh ollscoile, óna óige ar an gCnocán Glas i nGaeltacht Chois Fharraige go dtína bhás i mBaile Átha Cliath i 1970.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille

Creidiúintí

Stiúrthóir Mac dara Ó Curraidhín
Léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh
Script Darach Ó Scolaí
Ceamaradóir Barry Donellan
Eagarthóir Gordon Bruic
Fuaim Máirín Ní Riordáin
Craoltóir TG4