Fadscannán faisnéise/drámaíochta ag díriú ar cheann de na cásanna dúnmharuithe is iomraítí a tharla in Éirinn riamh – dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil daoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúirt an staraí aitheanta ón mBreatain Robert Kee go raibh an cás seo ar “one of the most blatant miscarriages of justice in British legal history”. Scaip scéal an uafáis agus na héagóra ar fud na cruinne agus bhí tionchar aige ar thitim rialtas Westminster de chuid an Phríomh-Aire Gladstone sa bhliain 1885. Níl an scéal réitithe fós os rud é nach raibh admháil oifigiúil riamh ann gur tharla an éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais seo ach tugann an fadscannán seo an cás sin céim eile chun cinn.