Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Actors > Seán T. Ó Meallaigh

Tar éis dhá bhlian a chaitheamh le Ros na Rún, ghlac Seán páirt sna sraitheanna Custer's Last Stand-Up, Adharca Fada, F.F.C. agus Rásaí na Gaillimhe, chomh maith leis an ngearrscannán An Díog is Faide agus na scannáin Cré na Cille agus Kings. Rinne sé clár faisnéise do TG4, Faoi Chré na Cille, a bhain le léiriú an scannáin. Tar éis Na Cloigne, beidh sé le feiceáil in Seacht, Anseo, Síol agus Seachtar na Cásca ar TG4 in 2010.

Ar an stáitse, bhí sé páirteach sna drámaí An Cearrbhach Mac Cába, Tine Chnámh (An Taidhbhearc); Fiche Blian ag Fás (Fíbín); Spring Awakening, One Last White Horse, Animal Farm agus Philadelphia Here I Come (Galway Youth Theatre); Doctor Faustus, Waiting For Godot agus Blood Wedding (Theatrecorp); agus An tSeanbhróg (Salamander).

Tar éis ainmniúchán a bhaint amach don scríbhneoireacht is fearr i Project 06 dá dhráma The Dead, A Rose & A Beer Too Many, scríobh agus léirigh sé dráma do Fíbín Gáire 'gus Caoineadh Ó Luain go hAoine a chuaigh ar chamchuairt náisiúnta.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie