Áine Ní Dhroighneáin

Is as an Spidéal d’Áine agus thosaigh sí ag aisteoireacht le hAisteoirí an Spidéil tamall de bhlianta ó shin.

Tá An County Boy, Fear an Tae, An Triall agus An Bacach ag Geataí na Flaithis i measc na ndrámaí atá déanta aici. Leis an Taibhdhearc bhí páirt aici in Áille & Allta, Mamó Gé agus Diarmuid agus Gráinne. Ghlac sí páirt Nóra i léiriú Salamander de An Braon Aníos agus páirt Rohan i Cailíní an Mhonarcha le hAisteoirí an Acadaimh. D’fheidhmigh sí mar bhainsiteoir léirithe ar Faoi Dheireadh Thiar don Taibhdhearc anuraidh.

Maidir le hobair teilifíse, tá aithne uirthi mar Tara Ní Néill i Ros na Rún. I measc na scannán agus na ngearrscannán atá déanta aici tá Cré na Cille (ROSG),  Gafa (Icebox Films) agus Nollaig Shona (Vico Films/Princess Pictures).  Rinne sí dhá shraith eile do TG4 - Rásaí na Gaillimhe (Great Western Films/Arbitrage Films) agus Na Cloigne (ROSG).