Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Diarmaid Ó Máille

Tá Diarmaid Ó Máille 55 bliain d’aois. Tá sé pósta le Bairbre cé go raibh sí geallta tráth den saol lena dheartháir Mánas.  Tá sé ag tarraingt liúntas míchumais le tríocha bliain anuas agus tá an-cháil air mar phóitseálaí. Tá sé ráite faoi go bhfuil an oiread sin ama caite ag Diarmaid istigh sa choill gur leathainmhí é féin faoin tráth seo. Díolann sé an bradán póitseáilte ar an mbaile is gaire dó agus le hAlastair sa Tobar. 

Nuair a bhí Diarmaid óg bhí sé lán le spraoi agus le lúcháir an tsaoil.  Ach, mar gheall ar an gcaidreamh atá aige lena dheartháir agus mar go bhfuil sé curtha dhá dhóchas ag a bhean chéile Bairbre, is fear tútach, fuarchúiseach, searbh é anois.

Tá Mánas tar éis cogadh a fhógairt ar Dhiarmaid mar gheall ar an bpóitseáil.  D’ainneoin comhairle Bhairbre, tá Diarmaid ag glacadh leis an aighneas mar ionsaí pearsanta. Níl Diarmaid sásta a dhóthain a bheith ag goid éisc ó Mhánas, tá sé ag iarraidh go mbeadh a fhios ag Mánas faoi agus go mbeadh sé náirithe os comhair an tsaoil.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie