Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Mánas Ó Máille

Is fear áitiúil, singil, 60 bliain d’aois é Mánas Ó Máille atá ina chónaí lena mháthair Jude.

Tá scoilt idir é féin agus a dheartháir Diarmaid mar gheall ar bhean, Bairbre, a raibh an bheirt acu i ngrá léi.  D’éirigh le Diarmaid Bairbre a fháil agus fuair Mánas a mháthair.

Conraitheoir tógála ab ea Mánas a rinne a shaibhreas le linn bhlianta an rachmais sular éirigh sé as an obair chun teach mór an tiarna talún áitiúil a cheannach. Cheannaigh sé an teach, cúpla céad acra de choillte agus cearta iascaireachta ar an abhainn ar phraghas maith.

            Ach is eiseamláir maith é Mánas den chliché de phóitseálaí atá anois ina mhaor seilge.  Nuair a bhí sé ina fhear óg, bhíodh Mánas agus a dheartháir Diarmaid de shíor ag póitseáil ar an abhainn, ach tá sé ráite go bhfuil Mánas anois i bhfad níos déine ar phóitseálaithe ná mar a bhí aon úinéir a chuaigh roimhe.   In áit ligean air féin nach bhfeiceann sé tada – an rud a bhíodh ag tarlú riamh agus nach mbánódh é – creideann Mánas gur masla pearsanta dó féin é má bhíonn duine ag póitseáil ar a chuid talún.  Tá a aird ar fad dírithe ar a dheartháir, Diarmaid, mar go gcreideann sé gurb é siúd an príomhphóitseálaí ar an abhainn agus tá sé leagtha amach ar cheacht a mhúineadh dó.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie