Character > Nuala Ní Dhireáin

Is ealaíontóir óg 30 bliain d’aois í Nuala. Tá sí dathúil, ciúin, beagáinín cúthalach, ach an-dáiríre faoina cuid ealaíne agus faoina páirtí, Seán.

Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici. Tá sé seo le feiceáil de bheagán ina cuid pictiúr (a léiríonn Fir Dhorcha). Tá siad ag roinnt tí agus úsáideann Nuala an garáiste athchóirithe mar stiúideo. Oibríonn sí go crua, ar feadh na hoíche go minic, agus í ag péinteáil agus ag athphéinteáil íomhánna a thagann aici as a cuid samhlaíochta.

Tá siad ocht mbliana in éindí anois agus breathnaítear orthu mar lánúin phósta, ach cuireann sé as do Nuala nach bhfuil stádas níos buaine ag an gcaidreamh. Tá an caidreamh céanna faoi bhrú mór mar go raibh Seán mídhílis do Nuala le déanaí le bean áitiúil, Áine. Ní hé go dteastaíonn ó Nuala a bheith pósta, ach airíonn sí nach bhfuil an dílseacht chéanna ag Seán don chaidreamh is atá aicise. Ba mhaith léi páistí a bheith aici lá éigin, ach níl aon chosúlacht air go bhfuil Seán réidh le socrú síos ná aon spéis aige i gclann a thógáil.