Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Seán Ó Dónaill

Is fear óg 35 bliain d’aois é Seán Ó Dónaill. Tar éis céim sna dána a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus cúpla bliain a bheith caite aige ag taisteal, d’éirigh le Seán post a fháil mar láithreoir ar an stáisiún raidió áitiúil. Tá sé ina chónaí achar gairid ón stáisiún raidió i mbaile an Chloiginn. Cé go bhfuil Seán 35 bliain d’aois, níl sé mórán os cionn cúig bliana fichead ina chloigeann féin. Tá sé dathúil, réchúiseach, dóchasach agus cuma na hóige air.

Chaith an saol go maith leis go dtí seo. Maidir lena ghairm bheatha, tá ag éirí go maith le Seán sa raidió; tá a chlár féin aige cúig oíche sa tseachtain agus tá a phearsantacht raidió féin cruthaithe aige – láithreoir cainteach, ceanndána, ciallmhar agus lán le spraoi. É sin ar fad agus meascán aisteach ceoil ó Puccini go dtí na Pixies. Nuair nach bhfuil sé ag obair is maith leis néal a thabhairt leis san iarnóin. Is breá leis a bheith ag siúl cois abhann, ag ól cúpla deoch

Tí Mháille nó braon nó dhó sa Tobar tar éis na hoibre. Tá Seán ina chónaí le Nuala i dteach atá ar imeall na coille. Is ealaíontóir í Nuala agus tá a stiúideo aici sa gharáiste athchóirithe atá ar thaobh an tí. Tá Nuala go mór i ngrá le Seán agus, cé go bhfuil amhras ar Sheán go bhfuil a leithéid de rud is grá ann ar chor ar bith, tá an-chion aige uirthi.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie