Clár 1: An Bradán

Sa gclár seo, tá an t-ealaíontóir Nuala (Siobhán O’Kelly) tagtha go huair na cinniúna ina caidreamh lena páirtí drúisiúil Seán (Dara Devaney).  

An mhaidin tar éis dó argóint fhoréigneach eile a bheith aige le Nuala, dúisíonn Seán as tromluí atá lán le carachtair dhorcha, chontúirteacha agus níl tásc ná tuairisc ar Nuala. Tagann imní ar Sheán nuair a chloiseann sé go bhfuarthas corp ban sa choill in aice láimhe agus í lomnocht, gan chloigeann.  Ach, níl an tromluí ach ina thús do Sheán agus é tarraingthe isteach de réir a chéile sa bhfiosrúchán faoin dúnmharú brúidiúil.

Leanann an saol ar aghaidh go míshocair sa chuid eile de bhaile an Chloiginn. Is cúis oilc d’Áine, an bhean is déanaí a bhí ag Seán, nach bhfuil se sásta Nuala a fhágáil le bheith in éindí léi; fógraíonn an maor talún Mánas cogadh ar a dheartháir Diarmaid a bhfuil sé tite amach leis le fada; agus coinníonn an gliúmálaí Jacko súil ar gach rud.

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

Féach ar Mhíreanna & Chláracha Na Cloigne

Féach ar Mhíreanna & Cláracha Na Cloigne