Ceanglaíonn fianaise dhamnaithe Seán leis an dúnmharú brúidiúil sa choill, ach an bhfuil feall á dhéanamh air nó an bhfuil an fhírinne níos scanrúla fós?
Sa dara clár de dhráma nua TG4, Na Cloigne, tagann critheagla ar Sheán nuair a fhaigheann sé cloigeann ban istigh i mála. Níl tuairim ag Seán cárbh as a dtáinig an pacáiste seo a fuair sé ina theach, ach tá a fhios aige go gcaithfidh sé fáil réidh leis an bhfianaise dhamnaithe seo, agus go tapaidh!
Tá páirtí Sheáin, Nuala, an freastalaí tábhairne Susan agus a cara Michelle fós ar iarraidh. Tá corp ban óg, gan aon chloigeann, faighte agus tá Seán anois tar éis teacht ar chloigeann i mála, ach céard is brí leis an bhfianaise seo?
An bhfuil duine éigin ag iarraidh an mhilleán a leagan ar Sheán as an dúnmharú scanrúíl seo? An bhféadfadh sé gur ar an bpóitseálaí áitiúil, Diarmaid, a bhíonn i bhfolach sa choill déanach san oíche, atá an locht? An bhféadfadh sé tarlú nach bhfuil Jacko chomh neamhurchóideach is a bhreathnaíonn sé agus gur ionsaitheoir gnéis é i ndairíre; nó meastú ar duine de na mná a mbíodh Seán in éindí leo a rinne an dúnmharú le teann éada?
Ach, b’fhéidir gur istigh i bhfochoinsias Sheáin féin atá an freagra, áit ina bhfuil físeanna de neacha urchóideacha agus radhairc fhoréigneacha atá ag ceilt na fírinne!
Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.