Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Ceannfort Ó Sé

Is fear caoga cúig bliain d’aois é an Ceannfort Séamas Ó Sé ar maith leis a chuideachta féin. Cailleadh a bhean chéile go tragóideach tar éis ionsaí brúidiúil a bheith déanta uirthi – ionsaí a bhí ceangailte ar chaoi éigin le fiosrúchán ar a raibh Ó Sé ag obair. Níor rugadh ar an dúnmharfóir riamh agus tá an cás fós gan réiteach.

Tá a mháthair beo go fóill agus tá seacht mbliana fichead caite aige sna Gardaí. Thairis sin, níl mórán eolais eile againn ar an bhfear. Tá sé ráite go bhfuil cónaí air i seanteach as féin i gCill Mhantáin, áit a chaitheann sé a chuid ama ag léamh agus ag éisteacht le ceol clasaiceach.

Tá a chuid bealaí oibre féin ag an gCeannfort. Cosúil le Liebnitz (nihil est sine ratione: ní tharlaíonn tada gan chúis), ní chreideann sé i seans ná i gcomhtharluithe. Creideann sé go bhfuil gach rud ceangailte agus comhcheangailte ina chéile agus nach bhfuil ann ach súil nó cluas ghéar a bheith agat chun na ceangail sin a aimsiú.

Tá tuiscint ar leith ag an gCeannfort ar an saol osnádúrtha, nó an Domhan Eile mar a thabharfadh sé féin air, cé go bhfeicfeadh sé go bhfuil an Domhan Eile snite isteach i ndomhan s’againn féin.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie