Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Garda Colm Ó Cadhain

Is Garda óg núíosach, neamhurchóideach é Colm Ó Cadhain nach bhfuil ach díreach tagtha amach as Coláiste an Teampaill Mhóir. Ó thosaigh sé i mbun oibre ar an gCloigeann tá Colm ag freastal ar an mBleachtaire áitiúil Ó Giollagáin agus é dílis dó mar a bheadh madra beag ann. Tá Ó Giollagáin ag baint an-sásamh go deo as an ómós agus an meas atá ag an nGarda óg air.

Nuair a thagann an Ceannfort Ó Sé isteach ar an mbaile mar phríomh-imscrúdaitheoir ar na dúnmharuithe brúidiúla, cuirtear an caidreamh idir Colm agus an Bleachtaire faoi bhrú. Tá an-suim go deo ag Colm in Ó Sé agus sa phróiseas aisteach bleachtaireachta atá aige. Tá Colm an-tógtha go deo lena chuid réasúnaíochta míloighciúil atá nua agus spreagúil, agus slogann sé gach uile fhocal a thagann amach as béal an Cheannfoirt.

Ar an taobh eile, níl meas madra ag an mBleachtaire Ó Giollagáin ar an gCeannfort Ó Sé agus chuile sheans go bhfuil éad air faoin gcaidreamh maith atá ag Colm leis an bhfear úd.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie