Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Character > Áine Seoige

Is bean 30 bliain d’aois í Áine. Tá sí dathúil agus is amhránaí álainn í.

D’fhág Áine an scoil nuair a bhí sí 16 agus tá sí ag obair i dtithe ósta agus i mbialanna, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath, riamh ó shin. Níl sí socraithe síos mar go gcreideann sí go bhfuil sí i bhfad ró-óg dó sin fós. Bíonn sí ag fánaíocht ó phost go post.

Is maith léi a bheith ag obair sa Tobar agus d’fhéadfadh sé fiú amháin go bhfuil suim neamhchúiseach aici ina bainisteoir Alastair. Chuala Alastair ag gabháil fhoinn í ag cóisir i nGaillimh agus thairg sé post di sa Tobar ar an tuiscint go gcasfadh sí cúpla amhrán dá n-iarrfaí a leithéid uirthi. Breathnaíonn sé go gceapann Alastair scaití gur club snagcheoil i lár Manhattan atá faoina chúram agus ní beár/bialann in Iarthar na hÉireann.

Bhí caidreamh fánach ag Áine le Seán agus thug sé le tuiscint di go raibh sé chun Nuala a fhágáil le bheith in éindí léi. Mar a tharlaíonn go rímhinic áfach, níor comhlíonadh an gealltanas sin. Cé go bhfuil Seán fós tógtha le hÁine, tá sí in amhras faoi. Gortaíodh agus náiríodh go dona í nuair a tháinig an scéala amach faoina gcaidreamh.

 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie